Hudson Taylor
Mothaigh Arís É
[Véarsa 1]
Bhíos mar chara ag Fear na gCrúb
Féastaí in ifreann, ní fada gur chailleas mo stuaim
Ó, is ann a mhothaigh mé buan
Ag lorg braon eile ag bun na gloine
Níl aon chuimhne agam ar theacht anseo
Ach is léir

[Pre-Chorus]
Ó, d’imigh mé ó smacht
Níl an saol seo uaim go deo
Éirigh suas is treabh leat tríd an gceo

[Cúrfa]
Lig isteach, an bháisteach
Scaoil amach na deora ón damba
B’fhearr liom an phian seo a mhothú ná mo chroí a mhaolú anois

[Véarsa 2]
Pingin eile caite i dtobar an áidh
Deoch amháin eile is abhaile liom céim ar chéim
Ó, níos fearr ná bheith liom féin
Mo chroí fuar agus reoite dubh
Ag dul sa seans, ó is cuma liom
Ach is léir
[Pre-Chorus]
Ó, ag slogadh siar mo bheocht’
Níl an saol seo uaim go deo
Éirigh suas is treabh leat tríd an gceo

[Cúrfa]
Lig isteach, an bháisteach
Scaoil amach na deora ón damba
B’fhearr liom an phian seo a mhothú ná mo chroí a mhaolú anois

[Droichead]
Lig isteach, is glac leis
Ó céard é an grá gan an cumha agus crá?
Is nuair a thagann sé orm, glacfaidh mé leis arís

[Cúrfa]
Lig isteach, an bháisteach
Scaoil amach na deora ón damba
B’fhearr liom an phian seo a mhothú ná mo chroí a mhaolú anois

[Outro]