Wheatus
Stócach Brocach
[Véarsa 1]
Noelle atá uirthi
Bíonn sí i mbrionglóid agam
(Ag) titim arís i gceann leathuair’ beidh muid le chéile
Ó grá mo chroí
An cruth atá uirthi
Ach is cuma léi faoi mo chás
Ina saol, níl aon spás domsa

[Cúrfa]
Níl ionam ach stócach brocach, béabaí
Níl ionam ach stócach brocach, béabaí
Ag éisteacht le Iron Maiden, béabaí, arís

[Véarsa 2]
Níl meas aige di
É féin is a ghunnaí ar scoil
Is chuirfeadh sé cic ar mo thóin dá mbeadh a fhios aige
In aice (le) mo theach
Agus é san IROC
Ach is cuma leis faoi mo chás
Ina shaol, níl aon spás domsa

[Cúrfa]
Níl ionam ach stócach brocach, béabaí
Níl ionam ach stócach brocach, béabaí
Ag éisteacht le Iron Maiden, béabaí, arís
[Droichead]
Ó yeah, brocach
No, níl (a) fhios aici céard atá uaithi
Ó yeah, brocach
No, níl (a) fhios aici céard atá uaithi

[Véarsa 3]
Bhuel airím go holc
Uaigneas na hoíche orm
Ach féach, a stór
Sin í ag siúl chugam
Fíric nó bréag?
Mo náire, mo léan
N’fheadar (an) bhfuil (a) fhios aici féin?
Is cén fáth gur cuma léi fúmsa?

[Droichead]
Seo péire ticéid go Iron Maiden, béabaí
Tar liomsa (Dé) ‘Aoine, ní leor ‘b’fhéidir’
(Is) mé i mo stócach brocach béabaí, mar thú

[Outro]
Ó yeah, brocach
No, níl (a) fhios aici céard atá uaithi
No, níl (a) fhios aici céard atá uaithi