Traditional
Ar Eireann Ni Neosainn Ce Hi
Aréir is mé téarnamh um’ neoin
Ar an dtaobh thall den teóra ‘na mbím
Do théarnaig an spéir-bhean im’ chómhair
D’fhág taomanach breóite lag sinn

Do ghéilleas dá méin is dá cló
Dá béal tanaí beó mhilis binn
Do léimeas fé dhéin dul ‘na cómhair
Is ar éirinn ní n-eósainn cé h-í

Dá ngéilleadh an spéir-bhean dom’ ghlór
Siad ráidhte mo bheól a bheadh fíor
Go deimhin duit go ndéanfainn a gnó
Do léirchur i gcóir is i gcrich

Dó léighfinn go léir stair dom’ stór
‘S ba mhéinn liom í thógaint dom chroí
‘S do bhearfainn an chraobh dhi ina dóid
Is ar éirinn ní n-eósainn cé h-í

Tá spéir-bhruinneal mhaordha dheas óg
Ar an taobh thall de’n teóra ‘na mbím
Tá féile ‘gus daonnacht is meóin
Is deise ró mhór ins an mhnaoi

Tá folt lei a’ tuitim go feóir
Go cocánach ómarach buí
Tá lasadh ‘na leacain mar rós
Is ar éirinn ní n-eósainn cé h-í