Traditional
Tá na Páipéir á Saighneáil
Tá na páipéir á saighneáil is tá na saighdiúirí ag dul anonn
Tá drumadóirí aoibhinn aerach ag Clainne Gael ag dul go Tír na Long
Dhá mbeadh agamsa is dhuit a bhéarfainn céad is dhá mhíle bó
Ar chuntar thú bheith i d'fhéirín liom go Condae Mhaigh Eo

Ar m'éirí dhom ar maidin is í m'osna a bhíos mór
'S ar mo luí dhom ar mo leaba sí mo phaidir mo dheoir
Tá gruaig mo chinn ag titim is ag imeacht mar an gceo
Is le cumha i do dhiaidh a stóirín ní bheidh mé i bhfad beo

Nuair a éirím amach go huaigneach is nuair a bhreathnaím ar an gcnoc úd thall
Bím ag smaoineamh ar do chúilín dualach a d'fhág an chrua-arraing trí mo lár
Tá mo chroí istigh ina leaca gual dubh is fear mo thrua níl ach rí na ngrást
Is cibé cailín deas a bhéarfas uaim thú go síntear suas í i gcónra chláir

'S tá mo stocaí is mo bhróga stróicthe liom síos
Tá mo nua-chulaith phósta, mo bhrón mór, le sníomh
Tá giní i dteach an óil orm is níor ól mé ariamh pingin
Ach mo léan, a mhíle stóirín, gan mé is tú óg seal aríst

Nach aoibhinn do na héiníní a éiríos go hard
'S a bhíos ag ceiliúradh lena chéile ar aon chraoibhín amháin
Ach ní mar sin dom fhéin é ná mo chéad mhíle grá
Is fada fánach óna chéile a bhíos ár n-éirí gach lá