Traditional
Tomás Bán Mac Aogáin
'S ag teacht ó theach an tórraimh dhom chuir mé eolas ar mo mhian
Mo chreach agus mo choróin dhe ní sa mbaile a chaith mé an oíche
Tá arraing ag gabháil thrasna thríom 's ag cónaí i lár mo chroí
'Gus a stór mura dté tú abhaile liom ní mhairfidh mé beo mí

'S tháinig Tomás Bán ar cuairt agam is mé in uaigneas liom féin
Séard dúirt sé ná bíodh buaireamh ort ná rud ar bith mar é
Sí do chúilín dualach a mharaigh mé is mar gheall ort a chrochfar mé
Is gur measa liom naoi n-uaire thú ná an mháithrín i mo dhiaidh

Is a Thomáis Bháin, go cinnte is tú rún is searc mo chléibh
A Thomáis a dtug mé gean dhuit seachas feara óga an tsaoil
Óra daorfar thú go cinnte mura bhfuil ag grásta Dé
Is a Chríost nach mór an feall é ar phlanda breá mar é

Is a chomharsana is a chomhairleacha ná tógaigí orm é
Mar chuaigh mé ag múineadh an eolais le stóirín gheal mo chléibh
Ní bhfuair mé ariamh droch-chomhairle uaidh go fóill ó rugadh mé
Is mura bhfeicfinn ach ag dul an bóithrín é go dtógfadh sé mo chroí

Ní slad mainistir ná teampaill a rinne stór mo chroí
Ní feoil ná geir a shantaigh sé ná rud ar bith mar é
Ach mar gheall ar bhólach Stanley a chrochfar é mo léan
'S an té a bhfuil gean ar Chlainne Gall aige an ceann go gcaille sé

Tá gardaí breá láidir ag teacht le stór mo chroí
Gearaltaigh Chluain Dálaigh agus airm óga an Rí
Beidh an Major óg Ó Conaill ann is Ó Ceallaigh as Cluain Bhuí
Dhá mbeadh triúr mar Chonaill óg agam, ní chrochfaí stór mo chroí

Is a Thomáis Bháin Mhic Aogáin, sé mo léan thú dhul i gcill
Is cén t-iontas ann do mháithrín a bheith go brónach i do dhiaidh
Dá mbeifeá ar leaba an bháis aici níor chás dhi thú bheith tinn
Ach thú bheith crochta as na saltracha is an bháisteach le do dhroim