Traditional
An Buachaillín Múinte
'S a bhuachaillín mhúinte, céad faraor chráite
Go dtug mé grá dhuit i dtús mo shaoil
Is shiúlfainn Éirinn is thart Cruach Phádraig
Samhail mo ghrá bán ní bhfaighinn i dtír

Bhí do dhá shúilín thaitneamhach 's do bhéilín ag gáire
'S bhí dath an ór-bhuí ar ghruaig do chinn
A ghrua ba dheirge ná an rós sa ngairdín
'S a mhuirnín dílis, is tú a bhris mo chroí

Ó, bheirim mo mhallacht don arm gallda
Mar a bhain mo ghrá dhíom i dtús mo shaoil
Is a liachtaí lá breá is oícheanta airneáin
A chaith mé i ngrá leat ar an mbóthar buí

Dhá dtiocfadh sé sa saol go mbeinn leat pósta
Mura mairfinn beo leat ach aon bhliain amháin
Bheinn i gcónaí ag smaoineamh ar do bhrollach síodúil
'S mo chroí dhá insint nach bhfuil maith dhom ann

Nach trua mo scéalsa ag gol i do dhiaidh-sa
'S mo chroí dhá réabadh i mo cheartlár
Tá deireadh mo chainte le do bhéilín ráite
A Rí na nGrásta nár mhór an feall

Nach trua nach bhféadfainn do chás a réiteach
'S an brat trom chéatach a bhaint de do chroí
Ach ag silt na ndeora os cionn do chónra
Céad faraor dhóite is thú go domhain i gcill