Traditional
Caitlín Triall
Níl aonach ná margadh dá bhfuil in san áit
Nach bhfeicimse Cití 'sí díol a cuid snáth
Orú scairtim isteach uirthi 's bhuailfidh mé'n clár
Is a Chití na n-anam fan agam go lá

Níl bó níl gamhain 's níl caora bhán
Ó bhruach Loch Corbhaith go maol an tsléibh' bháin
Nach dtabharfainn do Chití ar an aog phóg amháin
'S í leigheasfadh an arraing teacht fríd i mo lár

Ó gheall tusa domhsa is gheall tú faoi dhó
Nach ndéanfá mo mhalairt anois nó go deo
Ná go bhfaca mé tusa 's fear eile ag ól
I gcúl an tom dreasóg 's mug leanna ina dhorn

Ach ligfidh muid tharainn ach ní hea sin le stuaim
Is mian liomsa trácht ar Chití na gcuach:
'S í planda an dúine í tá saoithfiúil suairc
A shamhail ní fhaca mé theas nó ó thuaidh

A bhuachaill beag beadaí is mé i ngrá le bliain
'S b'fhearr liom bean agam nach bhfaca mé ariamh
Ach lig mé na buachaillí sa chuideachta uaim
Ná go raibh mé 'na bhaile le mo Chaitlín Triall

Níl aon tointe ar mo bhrollach nár leig mé le gaoith
'S ma fhágaim a' baile ní phillfidh mé choíche
Tá lionn dubh ar m'aigne is caill ar mo chiall
'S nach trom sin ar d'anam, a Chaitlín Triall