Traditional
Chuaigh Mé ’Na Rosann
Chuaigh mé ’na Rosann ar chuairt
Gur bhreathnaigh mé uaim an spéir
Is thart fá na hoileáin ó thuaidh
Mar eilit agus cú 'na diaidh
’Sé déarfadh gach duine fá’n chuan
Ó tharla mé ’nuas fá’n chéidh
“Nach maith a aithnighim ar do ghruaim
Gur fear thú ’bhfuil an tóir ’na dhiaidh.”

Casadh domh an ainnir dheas óg
Ach má casadh ’sí a labhair go géar:
“Más fear thú a bhaineas do mhnaoi óig
Cha mholaim ró-mhór do thrade!
Chonaic mé fear ar tír mór
Is é ag siubhail gan bhróig inné;
Is dóigh liom gur thusa an fear óg
Is go bhfuil ort an tóir ’do dhiaidh.”

Thit muid i dtuirse ’s i mbrón
Is d’fhiafraigh mé den óigbhean chaoin
“Cá bhfuighimis gloine le h-ól
A dtógfadh an brón dár gcroí?”
“Tá teach beag ar leath-taobh an ród
Is coinnigheann sé i gcónaí braon –
Gabh thusa agus buail ar an bhord
Is ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin.”
Cha rabh muid i bhfad ag gabháil cheoil
Gur chruinnigh go leor ’un toighe
Achan fhear is a ghloine ’na dhorn
Le comh-mhóradh a thabhairt don dís
Bhí biotáilte fairsing go leor
Cha rabh beagán dhá ól sa tír
Is dá dtarraingeoinn-sa galún Uí Dhomhnaill
B’fhurast mo scór a dhíol

Tharla mé isteach i dtoigh an óil
Agus b’fhaiteach go leor mé le suidhe
Ar eagla go dtiocfadh an tóir
Is go mbainfí an óigbhean díom
Nuair a fuair muid gach ní mar ba chóir
Agus mheas mé gur chóir domh suidhe
’Sé duirt sí: “Bí thusa ag gabháil cheoil
Is ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin.”

Nuair a lig muid dúinn tuirse is brón
’Sé d’fhiafraigh an óigbhean díom
“Cá mbíonn tú ’do chónaí sa lá
Nuair nach gcoinnigheann tú cró duit féin?”
“Bím-sa seal ’dtoigh an óil
Cha ndéanaim-sa lón don phingin:
An méid úd a shaothraim sa lá
A chaithim le spórt san oích’.”