Traditional
Níl sé ’na Lá
Níl aon phort dá chuala mé ar phíob ó tháinig mé i méadaíocht linbh
Nach raibh liom ar bharr mo bhéil isteach i sliabh 's ag gabháil 'n bhaile

[Chorus]
Níl sé 'na lá nó 'na lá
Níl sé 'na lá nó 'na mhaidin
Níl sé 'na lá 's ní bheidh go fóill
Na níl sé ach uair ó d'éirigh an ghealach

Seo na mugaí, seo na jugaí, seo an áit a bhfuil an leann
'S muna bhfuil an t-airgead in do phócaí, buail a' bóthar 's gabh 'n bhaile

[Chorus]

Éirigh do shuí a fhear an tí is ná bíodh gruaim in do mhalaí
Líon domsa cárta dí 's gheobhaidh tú'n díolaíocht faoi mhaidin

[Chorus]

Chuir mé féin mo lámh in mo phóca 's tharraing mé anois mo chorrán garbh
'S é dúirt sí liom suigh síos ag bord, is gheobhaidh tú'n cárta go dtí'n galún

[Chorus]

Tá na caoirigh ag ithe'n fhéir, is tá na huain ag ól an bhainne
Tá mo bhean féin ar fud na tír', is mithid domh éirí is gabháil 'na bhaile
[Chorus]