Traditional
Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn
'Sé deir Colm Cille linn go hIfreann nach dtéid fial
Lucht an tsaibhris go gceileann siad a bpáirt mhór le Dia;
Nach mór an tubaiste d'aon duine á dearnadh ariamh
Oiread a chruinniú is a 'choinneodh as Parrthas iad

Thréig mé lucht an Bhéarla agus búclaí bróg
Thréig mise an méid sin mar gheall ort, a stór
Mar i ndúil go mbeinn 's tú, 'chéadsearc, maidin chiúin cheo
Is sinn ag éisteacht le géimneach ár sealbháin deas bó

D'imigh mé mar d'imeodh mo shnua agus mo ghné
D'imigh mé mar d'imeodh fáinní geala an lae
D'imigh mé mar d'imeodh an sneachta ón ghréin
'S bheinn ar oileán 's thiocfadh an tuile orm is bháithfí mé

Go mbreacaí mo dhá mhalaidh agus go liathfaí mo cheann
Chomh geal leis an eala atá ar Shliabh Uí Fhloinn
Go dté mo bhean i dtalamh agus 'na diaidh sin a clann
Beidh cuimhne agam ort, 'ainnir dheas na gciabhfholt donn