The Gloaming
Freedom/Saoirse
Raghaidh mé síos i measc na ndaoine
De shiúl mo chos, síos i measc na ndaoine
Is raghaidh mé. síos anocht

Raghaidh mé síos ag lorg daoirse
Ón mbinibshaoirse, síos ag lorg daoirse
Tá ag liú anseo:

Is ceanglód an chonairt smaointe
Tá ag, drannadh im thimpeall, an chonairt smaointe
San uaigneas:

Is loirgeod an teampall rialta
Bhionn sí lán de dhaoine, Ó an teampall rialta
Ag am fé leith:

Is loirgeod comhluadar daoine
Nár chleacht riamh in saoirse cngsmaointe
A malartaítear
Mar airgead:

Is bhféarfad gean mo chroí do dhaoine
Nár samhlaidh riamh leo
Ach macsmaointe

Ó fanfad libh de ló is d’oiche
Is beidh mé íseal
Is beidh mé dílis
D’bhur snabsmaointe

Mar do chuala iad ag fás im intinn
Ag fás gan chuimse
Gan mheasarthacht

Is do thugas gean mo chroí go fíochmhar
Don rud tá srianta
Don gach macrud:

Don smacht, don reacht, don teampall daoineachianta
Don am fé leith:

Don ab, don chlog, don seirbhiseach
Don chomparáid fhaitíosach
Don bheaguchtach:

Don luch, don tomhas, don dreancaid bhideach
Don chaibidil, don líne
Don aibítir:

Don mhórgacht imeachta is tíochta
Don chearrbhachas istoíche
Don bheannachtain:

Don bhfeirmeoir ag tomhas na gaoithe
Sa bhfómhar is é ag cuirnhneamh, ag tomhas na gaoithe
Ar pháirc eornan:

Don chomhthuiscint, don chomh-sheanchuimhne
Do chomhiompar comhdhaoine
Don chomh-mhacrud

Is bheirim fuath anois is choíche
Do imeachtaí na saoirse
Don neamhspleáchas

Is atuirseach an intinn
A thit in iomar doimhin na saoirse
Ní mhaireann cnoc dar chruthaigh Dia ann
Ach cnoic theibi, sainchnoic shamhlaíochta
Is bíonn gach cnoc díobh lán de mhianta
Ag dreapadóireacht gan chomhlíonadh
Nil teora leis an saoirse
Ná le cnoca na samhlaíochta
Ná níl teora leis na mianta
Ná faoiseamh
Le fail