The Gloaming
Oisin's Song
Oisín is fada do shuan
Éirigh suas is éist an salm
D'imthigh do lúth is d'imthigh do neart
Gidh chuirtheá cath i ngleo gharbh
D'imthigh mo lúth is d'imthigh mo neart
Ó nach maireann cath ag Fionn
I gcléirchibh ní fhuil mo spéis
Ceol dá n-éis ní binn liom
Do chuirinn-se gliadh suas ar gcnoc
A Phádraig, is docht do rún
Is mairg duit do cháin mo chruth
Is nach bhfuair mé guth ar dtús
Chualas a ceol dob fhearr ná bhur a gceol
Gidh mhór mholas tú an chliar
Scaltarnach luin Leitreach Laoi
's an fhuaim do-níodh an Dórd Fiann
Smólach ró-bhinn Ghleanna an Scáil
Nó morgháir na mbarc le tráigh
Ba bhinne liomsa trost na gcon
Ná do scol-sa, a chléirigh cháidh
Dhá ghadhar déag dobhí ag Fionn
Nuair do leigeadh iad fá Ghlionn Rath
Ba bhinne ná a n-ádhbha ciúil
Is a n-aghaidh ón tSiúir amach [...]
Nuair do shuidheadh Fionn ar an gnoc
Nuair do sheinneadh gan locht an Dórd Fiann
Do chuireadh 'na gcodladh an shluagh (?) ar a shluagh
Le monabhar ba bhinne ná an chliar