The Chieftains
Jimmy Mó Mhíle Stór
Bliain an taca seo d'imigh uaim rún mo chléibh
Ní thiocfaidh sé abhaile go dtabharfaidh sé cúrsa an tsaoil
Nuair a chífead é rithfead le fuinneamh ró-ard ina chomhair's
Clúdód le mil é, is é Jimmy mo mhíle stór

Bíonn mo mháthair is m'athair ag bearradh's ag bruíon liom féin
Táim giobaithe piocaithe, ciapaithe, cráite dem shaol
Thugas taitneamh don duine úd dob fhinne's dob aille snó
Is chuaigh sé ar bhord loinge, is é Jimmy mo mhíle stór

These twelve months and better my darling has left these shore
He ne'er will come back 'til he travels the?? world o'er
And when he returns with laurels I'll crown him all o'er
He's the finest of lovers, sweet Jimmy Mo Mhíle Stór

Rachadsa chun coille agus caithféad an chuid eile dem shaol
San áit ná béidh éinne ag éisteacht le ceol na n-éan
Ag bun an chrainn chaorthainn mar a bhfásann ann féar go leor
Ag tabhart taitnimh don duine úd, is é Jimmy mo mhíle stór

He's the finest of lovers, sweet Jimmy Mo Mhíle Stór