The Gloaming
Song 44
Aisling thruagh do mhear mise
Fa-deara an suan síthe-se;
Amhra do chailg mo chridhe
Mairg re dtarla ar dtaibhse-ne

Ní thig liom musgladh go moch
Ar shuan ní fhaghaim árach
Mo thruaighe nár hobadh inn
Codal uaire ní fhéadaim

Ochán, truagh nach tig mh’annsa
I dtaibhse ar cuairt chugamsa
An ghnúis tsoidhealbhdha, an ghruadh ghlan
Gidh tuar doimheanmna a deallradh

Ní chreidim, ní chreidfe mé
A teacht go bráth na breithe
Im radharc arís, dar linn
Im amharc d’fhis ná d’aisling