The Gloaming
Reo
[Véarsa 1]
Maidin sheaca ghabhas amach
Is bhí seál póca romham ar sceach
Rugas air le cur im phóca
Ach sciorr sé uaim mar bhi sé reoite:

[Cúrfa]
Ní héadach beo a léim óm ghlaic
Ach rud fuair bás aréir ar sceach:
Is siúd ag taighde mé fé m’intinn
Go bhfuaireas macasamhail an ní seo–
Lá dár phógas bean dem mhuintir
Is í ina cónra reoite, sínte

[Véarsa 2]
D'fhás an oighear ar mhéaraibh crann
Stad na h-uiscí i gcroí na h-abhann
Ghlaoidh guth an bhfiach dubh
Ó imeall gleann
Is thuirling Spideog ar ghualann cam

[Cúrfa]
Ní héadach beo a léim óm ghlaic
Ach rud fuair bás aréir ar sceach:
Is siúd ag taighde mé fé m’intinn
Go bhfuaireas macasamhail an ní seo–
Lá dár phógas bean dem mhuintir
Is í ina cónra reoite, sínte