The Gloaming
Áthas (Joy)
[Véarsa 1]
Ag siúl romham
Bím ag cumadh im cheann
Línte is frásaí fánacha
A ritheann liom
Le buille an mhaide
Le rithim na mbonn
(Línte is frásaí a ritheann liom)

[Véarsa 2]
Ní éilím faic (anois) orm fhéin
Ach taithneamh nó greann
A thabhairt dá bhfuil ann
Is ligim don tocht féin
Nochtadh gan náire
Más é sin m’fhonn

[Cúrfa]
Rófhada bhíos i ngreim
Ag déantús an dáin
Is go bhfuil m’aird iomlán
Anois ar charn castán
Á choscairt faoim chaol
Lá seo an áthais tráth an fhómhair im shaol

[Droichead]
Scaoileadh leis ar chuma an éin
A aimsíonn míorúilt sheasta an aeir

[Cúrfa]
Rófhada bhíos i ngreim
Ag déantús an dáin
Is go bhfuil m’aird iomlán
Anois ar charn castán
Á choscairt faoim chaol
Lá seo an áthais tráth an fhómhair im shaol