The Gloaming
The Pilgrim's Song
Do labhair an tír mar theampall
Bhí siúl na habhann boimpéiseach
Do chrom go glúin na gleannta
Bhí fíor na croise ar ghéaga

Le soiscéal gaoithe d'éisteas
Bhí naofacht ar an dtalamh
Anseo do mhair mo chéadshearc
Oh níor ghabhas an treo le fada

Chonac saol mar scéal fiannaíochta
Fadó, fadó, ar maidin
A mhúnlaigh an tslat draíochta
A bhíonn 'na láimh ag leanbh

D'aiséirigh 'na taisléine
Is solas ar a leacain
Is do thionlaic mé go gléineach
Ar oilithreacht fám anam

Anseo do mhair mo chéadshearc
Oh níor ghabhas an treo le fada

Tá aisling ann, is eol dom í
Ag fiuchadh i mbroinn mo shamhlaíochta
Lasair gheal gan chorp mar ghaoith
Agus corp oiriúnach á impí aici